Written answers

Thursday, 30 January 2014

Department of Education and Skills

Pátrúnacht Scoileanna

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

54. To ask the Minister for Education and Skills an gcuirfidh sé in iúl cén uair a bhí teagmháil i scríbhinn idir oifigigh a Roinne agus an bord bainistíochta, an Foras Pátrúnachta nó eile maidir le suíomh do Ghaelcholáiste an Phiarsaigh a bhfuiltear fós ag fanacht ar dheimhniú go mbeidh suíomh sealadach ann dó chun go bhféadfar na doirse a oscailt i mí Mheán Fómhair na bliana seo. [4672/14]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinnse i gcomhairle leanúnach le Pátrún na scoile i gceist maidir le cóiríocht thosaigh di do mhí Mheán Fómhair 2014. Tionóladh an cruinniú is deireanaí aici leis an bPátrún ina leith seo ar 22ú Eanáir i mbliana. Is é seo an bealach cuí cumarsáide. Is gnó don Phátrún é an Bord Bainistíochta a choinneáil ar an eolas. Maidir le suíomh buan an Ghaelcholáiste, táthar tar éis roinnt roghanna a shainaithint agus tá siad seo á gcur chun cinn. Tá caibidlíocht ar siúl i gcónaí agus dá bhrí sin, i bhfianaise na n-íogaireachtaí a bhaineann le héadáil talún, nílim in ann aon ráiteas eile a thabhairt ag an dtráth seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.