Written answers

Wednesday, 29 January 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Maoiniú Chomhlachtaí Stáit

Photo of Michael KittMichael Kitt (Galway East, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

18. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis stad a chur le haon laghdú eile ar bhuiséad Údarás na Gaeilge, Fhoras na Gaeilge agus Roinn na Gaeltachta agus tosú ar na buiséid sin a mhéadú de réir a chéile chun obair na Straitéisí agus eile a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [3997/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is tríd an bpróiseas meastacháin agus cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinnse agus go deimhin do na Ranna Rialtais go léir. Tuigfidh an Teachta mar sin nach bhféadfainn aon bharántas a thabhairt maidir leis an mbuiséad a bheidh ar fáil do mo Roinnse, nó d'aon chomhlacht poiblí a thagann faoi scáth mo Roinne, in 2015 nó sna blianta ina dhiaidh sin.

Maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, is eol don Teachta, ní foláir, gur cuireadh allúntas speisialta €0.5m ar fáil ina leith i gCáinasinéis 2014. Is léiriú follasach é seo ar chur i bhfeidhm an ghealltanais i gClár an Rialtais a deir go dtacóidh an Rialtas leis an Straitéis agus go ndéanfar na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh. Níl amhras ach go gcuirfidh an maoiniú seo ar chumas mo Roinne tabhairt faoi ghníomhaíochtaí éagsúla a thacóidh leis an phróiseas pleanála teanga ar an talamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.