Written answers

Thursday, 16 January 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na mBóithre Áise

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

182. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige airgead faoi leith a chur ar fáil faoi scéim na mbóithre áise chun cúnamh a thabhairt do dhaoine a ndearnadh scrios ar bhóithre ina gceantar nach bhfuil faoi chúram na gcomhairlí contae, sna stoirmeacha a bhí ann le gairid; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2054/14]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I bhfianaise an bhuiséid teoranta atá ar fáil do mo Roinn agus i gcomhthéacs na dtosaíochtaí atá aitheanta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030, is féidir liom a dheimhniú nach bhfuil sé i gceist ag mo Roinn an scéim seo a athoscailt sa mheántéarma.

Mar is eol don Teachta, ní foláir, cuireadh tuairisc eatramhach maidir leis an damáiste stoirme faoi bhráid an Rialtais inné agus tá tuilleadh oibre le déanamh, i gcomhar le comhairlí contae agus áisíneachtaí eile, chun measúnú iomlán a dhéanamh ar an dochar a rinneadh. Ní miste dom a lua go bhfuil scríofa agam chuig an Aire Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus chuig an Aire Stáit ag Oifig na nOibreacha Poiblí chun aird ar leith a dhíriú ar an damáiste a tharla ar na hoileáin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.