Written answers

Thursday, 16 January 2014

Department of Public Expenditure and Reform

Earcaíocht Seirbhíse Poiblí

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

130. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform an gcuirfidh sé in iúl cén cineál post a bheidh ainmnithe mar phoist a mbeidh gá iontu le daoine ag a bhfuil cumas feidhmiúil Gaeilge faoin gcóras nua a bhfuil sé beartaithe ag a Roinn é a chur in áit na marcanna bónais do státseirbhísigh a bhfuil Gaeilge acu; an bhféadfadh an tAire samplaí a thabhairt dúinn de na poist a bhfuil sé i gceist ag a Roinn fhéin iad a ainmniú mar phoist do dhaoine ag a bhfuil cumas feidhmiúil Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2172/14]

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

131. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe an gcuirfidh sé in iúl cad a tharlóidh sa chás go n-ainmneofar poist sna ranna Rialtais éagsúla do dhaoine ag a bhfuil cumas feidhmiúil Gaeilge ach go bhfuil daoine fostaithe sna poist sin cheana féin nach bhfuil Gaeilge fheidhmiúil acu; an mbeidh an tAire ag cur daoine ag a bhfuil cumas feidhmiúil Gaeilge in áit na ndaoine nach bhfuil an cumas sin acu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2173/14]

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

132. To ask the Minister for Public Expenditure and Reform Caiteachais Phoiblí an gcuirfidh sé in iúl cathain a aistarraingeofar na ciorcláin a bhaineann le marcanna bónais do státseirbhísigh a bhfuil Gaeilge acu agus cathain a eiseofar ciorclán nua ina mbeidh na socruithe don phainéal de dhaoine ag a bhfuil cumas feidhmiúil Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [2174/14]

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Molaim ceisteanna Uimh. 130 go 132, cuimsitheach, a fhreagairt le chéile.

Ag cruinniú a tharla ar an 30 Deireadh Fómhair 2013, ghlac an Rialtas le cur chuige nua chun tacú le hinniúlacht Gaeilge sa stát seirbhís. Tugadh na socraithe nua seo isteach chun teacht in áit an chórais a bhí ann go dtí seo faoina dtugtaí marcanna breise as a bheith inniúil sa Ghaeilge i gcomórtais earcaithe agus ardú céime. An fáth a bhí leis an gcinneadh seo ná nach raibh ag éirí leis an sean-chóras ó thaobh spriocanna an Rialtais maidir le hinniúlacht Gaeilge sa stát-seibhís a bhaint amach.

De réir an pholasaí nua, tá beartais á gcur i bhfeidhm chun an méid daoine atá in ann a gcuid oibre a dhéanamh go dátheangach a mhéadú. Tá sé seo a dhéanamh chun go mbeadh cur chuige ann a bheidh dírithe ar inniúlacht i gcomhthéacs comórtais earcaithe agus, mar is cuí, ardú céime.

Mar sin, ní bheidh marcanna breise le haghaidh inniúlacht Gaeilge i gceist le comórtais earcaithe nó ardú céime a gcuirfear tús leo tar éis an 30ú Deireadh Fómhair 2013. I gcás comórtais a bhí ar bun cheana féin a raibh marcanna breise don Ghaeilge i gceist leo, déanfar iad seo a riarú de réir an sean-chórais.

Chun an cinneadh Rialtais a chur i bhfeidhm, déanfaidh mo Roinn leasú ar an bhFráma Pleanála Foirne do Ranna Rialtais. As seo amach, beidh ar Ranna na poist/cinéal oibre a theastóidh daoine le Gaeilge a aithint agus iad seo a leagadh síos ina gcuid pleananna foirne. Maidir le cur i bhfeidhm an Acht Gaeltachta 2012, iarrfar ar Ranna díriú ach go háirithe ar phoist atá lonnaithe i gceantair Ghaeltachta nó a bheidh ag déanamh freastal ar na ceantair sin. Beidh an próiseas seo lárnach maidir le cinntiú go dtógfar san áireamh líonadh post le riachtanais Gaeilge i gcomhthéacs comórtais earcaithe agus ardú céime a reachtálann an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí.

Maidir le comórtais earcaithe agus ardú céime a chuireann Ranna aonair ar bun, déanfar measúnú maidir le gá le daoine atá inniúil le Gaeilge agus, nuair is gá agus mar is cuí, cruthófar fo-phainéal do dhaoine atá inniúil go dátheangach.

Tagann na socraithe nua in áit na scéime maidir le marcanna breise don Ghaeilge a tugadh isteach beagnach 40 bliain ó shin tar éis gur cuireadh deireadh le Gaeilge éigeantach le haghaidh dul isteach sa stát-seirbhís. Mar chéad chéim, cuirfear na socraithe nua i bhfeidhm don chomórtas earcaithe do Oifigigh Feidhmiúcháin (OF), go bhfuil sé i gceist a reachtáil go luath. Tá sé beartaithe fo-phainéal do dhaoine atá inniúil go dátheangach a chruthú a mbeidh 6% de líon an phainéil OF iomláin air.

De réir na socraithe nua, i gcás go n-aithnítear post i Roinn Rialtais mar phost le riachtanas Gaeilge, tá sé i gceist go líonfaí é le duine atá inniúil go dátheangach. Is faoi na Ranna féin a bheidh sé conas úsáid a bhaint as a bhfoireann atá sna poist sin faoi láthair.

Chuir mo Roinn na socraithe nua in iúil do Ranna Rialtais ar an 6ú Samhain 2013. Ar an 17ú Nollaig 2013, scríobh mo Roinn chuig na Ranna chun iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar na Framaí Pleanála Foirne a bhí réitithe acu cheana féin agus poist/cinéal oibre a theastaíonn daoine atá inniúil go dátheangach a aithint. Tá iarrtha orthu an t-eolas seo a chur san áireamh i bplean foirne leasaithe agus é seo a chur faoi bhráid na Roinne seo roimh an 17ú Eanáir 2014.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.