Written answers

Wednesday, 15 January 2014

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Aoníocaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

659. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén fáth nach bhfuil íocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair déanta do 2013 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo), cén fáth go bhfuil moill ar an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [1129/14]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Níl aon taifead ag mo Roinn ar iarratas faoin Scéim um Limistéir faoi Mhíbhuntáiste/Scéim na hAoníocaíochta 2013 a fháil ón duine ainmnithe.

Bhí clúdach litreach réamhsheolta le lipéad Swiftpost greamaithe air in éineacht le gach iarratas ar an Scéim Íocaíochta Aonair a sheol mo Roinn amach in 2013 agus faigheann an t-úinéir tréada admháil ó Oifig an Phoist nuair a sheolann sé/sí é. Más féidir leis an duine ainmnithe cruthúnas postais nó cruthúnas ar phost cláraithe a sholáthar nó míniú cuí-réasúnaithe a thabhairt, déanfaidh mo Roinn athbhreithniú ar an gcás bunaithe ar an eolas agus an gcáipéisíocht a chuirtear isteach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.