Written answers

Wednesday, 15 January 2014

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Caiteachas Údarás na Gaeltachta

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

416. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén luach saothair nó cé na cnapshuimeanna atá íoctha leis an Iarbhainisteoir Reigiúnach ag Údarás na Gaeltachta i nDún na nGall, le cúig bliana anuas ó d'éirigh sé as a phost san Údarás, lena n-áirítear aon chnapshuim agus íocaíochtaí pinsin nó aon íocaíochtaí eile. [55246/13]

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

417. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta cén luach saothair nó cé na cnapshuimeanna atá íoctha leis an bPríomhfheidhmeannach ag Údarás na Gaeltachta, le cúig bliana anuas ó d'éirigh sé as a phost san Údarás, lena n-áirítear aon chnapshuim agus íocaíochtaí pinsin nó aon íocaíochtaí eile. [55247/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé ceisteanna Uimh. 416 agus 417 le chéile.

Táim ag glacaim leis gurb é iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta atá i gceist ag an Teachta sa dara ceist.

Comhairlítear dom ag Údarás na Gaeltachta go bhfeictear don eagraíocht go dtagann sonraí a bhaineann le híocaíochtaí den chineál atá luaite ag an Teachta faoin Acht Um Chosaint Sonraí 1988-2003 agus, dá bhrí sin, nach féidir leis an Údarás an t-eolas atá iarrtha a chur ar fáil.

Comhairlítear dom fosta go raibh aon íocaíocht a rinneadh sna cásanna atá luaite dlite faoi Scéim Aoisliúntais Foirne Údarás na Gaeltachta agus i gcomhréir leis na rátaí pá do na postanna a bhí i gceist.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.