Written answers

Tuesday, 17 December 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Oifig an Choimisinéara Teanga

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

336. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an féidir leis na céimeanna a léiriú a thóg sé tar éis don iarChoimisinéir Teanga a imní a léiriú dó sular éirigh sé as a phost; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53897/13]

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

337. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige na hábhair imní a léirigh an t-iarChoimisinéir a réiteach; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53898/13]

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

338. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist aige Coimisinéir Teanga nua a cheapadh; cathain a tharlóidh sé; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [53899/13]

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

339. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil a fhios aige go bhfuil trí cheathrú de na scéimeanna teanga a bhaineann le heagraíochtaí éagsúla Stáit as feidhm; agus an bhfuil aon phlean aige chun an méid sin a cheartú. [53900/13]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh 336, 337, 338 agus 339 le chéile.

I dtús báire, ba mhaith liom aird an Teachta a dhíriú ar an phlé cuimsitheach a rinneadh sa Dáil agus sa Seanad ar 11 agus 12 Samhain, faoi seach, ar an ábhar seo.

Chuir an Coimisinéir Teanga in iúl don Uachtarán ar 4 Nollaig go raibh sé beartaithe aige éirí as oifig ar 23 Feabhra 2014, tar éis deich mbliana a chaitheamh sa phost. Chuir an Coimisinéir a chinneadh in iúl domsa go pearsanta an lá céanna, sula ndearna sé fógra poiblí ina leith le linn dó a bheith ag tabhairt tuairisce maidir le tuarascáil bhliantúil a oifige don bhliain 2012 ag cruinniú den Chomhchoiste ar Mhaoirseacht na Seirbhíse Poiblí agus Achainíocha.

Tá mo bhuíochas curtha in iúl agamsa don Choimisinéir Teanga, go pearsanta agus go poiblí, as an méid atá curtha i gcrích aige le linn a thréimhse in oifig. Is trua liom, ar ndóigh, gur thóg an Coimisinéir Teanga an cinneadh gan a théarma ceapacháin, a mhaireann go dtí Feabhra 2016, a chríochnú ach tá meas agam ar an chinneadh atá déanta aige. Tá tús curtha leis an phróiseas chun Coimisinéir nua a cheapadh, faoi réir alt 20(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, agus cuirfear moladh ina leith seo faoi bhráid an Rialtais in am trátha.

Mar atá curtha in iúl agam don Teach seo cheana, tá sé tábhachtach a aithint go bhfuil feabhas tagtha ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí Stáit a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Aithníodh ón tús gur próiseas forchéimnitheach a bheadh i gceist le feidhmiú an Achta, ag tógáil céimeanna de réir a chéile le comhoibriú agus le dea-thoil na bpáirtithe leasmhara éagsúla. Sa chomhthéacs seo, tá bearta dearfacha á dtógáil ag an Rialtas ar bhonn tomhaiste, leanúnach chun feabhas a chur ar na seirbhísí i nGaeilge atá ar fáil ón Stát. I measc na mbearta sin, áirím na céimeanna atá tógtha chun líon na n-oifigeach sa Státseirbhís atá inniúil ar an Ghaeilge a mhéadú.

Maidir le scéimeanna teanga, ba mhaith liom a shoiléiriú go maireann scéim teanga i bhfeidhm, faoi réir alt 14(3) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, ar feadh trí bliana ón dáta a dhaingnítear í, nó go dtí go ndaingnítear scéim nua, cibé acu is moille. Ní miste a nótáil go bhfuil beagnach 200 comhlacht poiblí san iomlán clúdaithe faoi 112 scéim teanga atá i bhfeidhm. Tá plé gníomhach ar siúl ag mo Roinn le líon mór comhlachtaí poiblí maidir le scéimeanna teanga a aontú. Tá sé aitheanta go bhfuil an próiseas chun scéimeanna teanga a aontú dúshlánach, go háirithe sa chomhthéacs reatha ina bhfuil brú mór ar acmhainní. Tá céimeanna éagsúla á mbeartú chun an próiseas aontaithe scéimeanna a éascú, go háirithe i gcomhthéacs na leasuithe reachtúla atá beartaithe ar an Acht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.