Written answers
Tuesday, 10 December 2013
Department of Communications, Energy and Natural Resources
Údarás Craolacháin na hÉireann
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
311. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources an ndeachaigh an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i gcomhairle le hÚdarás Craolacháin na hÉireann i dtaca le leasú éigeandála a thairiscint i dtaca leis an Acht Craolacháin 2009 chun nach féidir le UTV (nó le hiarrthóirí eile ar cheadúnas craolacháin) buntáiste a bhreith ar an Acht Craolacháin 2009, ar reachtaíocht é atá easnamhach, trí cheadúnas a fháil a fhágann nach bhfuil dualgas orthu i leith chultúr agus theanga na hÉireann, ná i leith táille a d’fhéadfaí a ghearradh orthu faoi mar a ghearrtar ar RTÉ, TG4 nó TV3 faoi láthair, faoi mar a luaigh Bob Collins, Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann, agus é ag labhairt leis an gComhchoiste Oireachtais um Iompar agus Cumarsáid, Dé Céadaoin, an 13 Samhain 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52812/13]
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
312. To ask the Minister for Communications, Energy and Natural Resources Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha i bhfianaise an méid a bhí le rá ag Cathaoirleach Údarás Craolacháin na hÉireann ag an gComhchoiste um Iompar agus Cumarsáid, Dé Céadaoin, an 13 Samhain 2013, cad é atá beartaithe a dhéanamh lena chinntiú nach féidir le craoltóir lasmuigh den dlínse ceadúnas craoltóireachta a fháil sa dlínse seo gan dualgas a bheith air i leith chultúr agus theanga na Gaeilge ná i leith táille a íoc le hÚdarás Craolacháin na hÉireann; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [52865/13]
Pat Rabbitte (Dublin South West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Pléifidh mé le Ceist Uimh. 311 agus 312 le chéile.
Comhlacht reachtúil neamhspleách is ea Údarás Craolacháin na hÉireann a bunaíodh faoin Acht Craolacháin 2009 agus atá freagrach as ceadúnais a thabhairt do Chraoltóirí. Tá aidhmeanna Údarás Craolacháin na hÉireann leagtha amach in Alt 25 d’Acht 2009 a fhorálann, faoi Alt 24, go mbeidh an tÚdarás neamhspleách le linn dó a fheidhmeanna a chomhlíonadh. Dá réir sin, níl aon fheidhm agamsa mar Aire, ceadúnais a eisiúint, agus is faoin Údarás amháin é sin a dhéanamh de réir a chuid aidhmeanna.
Ba mhaith liom a chur in iúl don Teachta go bhfuil mo chuid Oifigeach ag ullmhú Bille Leasaithe Craolacháin le foilsiú sa bhliain 2014. Lorg mé agus fuair mé ionchur ó Údarás Craolacháin na hÉireann faoi roinnt forálacha. Níor lorg Bord Craolacháin na hÉireann áfach, leasú ar Alt 71 den Acht a dtagraíonn an Teachta dó.
No comments