Written answers

Tuesday, 3 December 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Foras na Gaeilge

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

18. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar an ngá atá ann Fóram Pleanála Uile-Éireann a bhunú; an bhfuil aon phleananna aige chun fóram den sórt sin a chur ar bun; agus mura bhfuil aon phleananna den sórt sin aige, cén fáth nach bhfuil. [51472/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar a mhínigh mé i bhfreagra ar Cheist Dála 81 ar 22 Deireadh Fómhair 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge, ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013. Faoi na socruithe nua, beidh tosaíochtaí straitéiseacha ar leith á seachadadh ag 6 eagraíocht cheannais a bheidh ag feidhmiú ar bhonn uile-oileáin. Cuirfidh Foras na Gaeilge na fóraim chuí ar bun le tacú leis an gcur chuige úr seo, is iad sin, an fóram comhpháirtíochta uile-oileáin agus an fóram forbartha teanga uile-oileáin.

Beidh an fóram comhpháirtíochta uile-oileáin comhdhéanta de cheannasaithe na n-eagraíochtaí ceannais agus Foras na Gaeilge. Bunófar an fóram seo chun cur chuige comhoibríoch ag na heagraíochtaí ceannais a chinntiú.

Beidh an fóram forbartha teanga uile-oileáin ionadaíoch de shainleasa teanga áitiúla atá maoinithe ag Foras na Gaeilge ag leibhéal an phobail. Tabharfaidh an fóram seo aischothú don bhfóram comhpháirtíochta ar fheidhmiú na dtosaíochtaí straitéiseacha ar an talamh.

Táthar ag súil go dtógfaidh bord Fhoras na Gaeilge cinneadh maidir le roghnú na n-eagraíochtaí ceannais le linn mhí Eanáir 2014 agus go gcuirfear an dá fhóram uile-oileáin ar bun ina dhiaidh sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.