Written answers
Wednesday, 27 November 2013
Department of Agriculture, Food and the Marine
Feirmeoireacht Éisc
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
171. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine ag éirí as an bhfreagra a thug sé dó ar Cheist Uimh. 913 an 5 Samhain 2013, an bhfuil cead ag aon chomhlacht bradáin a chur i gcliabhán éisc i gCuan Chill Chiaráin faoi láthair; agus mura bhfuil, an bhfuil sé i gceist aige stop a chur leis an obair atá ar bun le seachtain anuas ag cur éisc i gcliabháin sa gcuan [51035/13]
Simon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigtear do mo Roinn go bhfuil an ghníomhaíocht dhobharshaothraithe a tharla le déanaí i gCuan Chill Chiaráin dá dtagraíonn an Teachta ag cloí le toilithe dobharshaothraithe i seilbh oibritheoir ceadúnaithe. Más mian leis an Teachta faisnéis níos mionsonraithe a chur ar fáil beidh mo Roinn sásta an t-ábhar a scrúdú tuilleadh.
No comments