Written answers

Tuesday, 26 November 2013

Department of Education and Skills

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

103. To ask the Minister for Education and Skills an bhfuil staidéar déanta aige ar na modhanna trína múintear an Ghaeilge, go háirithe i dtaca leis na moltaí atá sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44492/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá mo Roinnse lán-tiomanta d'fhorfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Tá staidéar déanta ar mholtaí na Straitéise. Tá raon de bheartais, a eascraíonn as miontaighde agus comhairliúchán, curtha i bhfeidhm lena chinntiú go bhfuil na modhanna is éifeachtaí teagaisc in úsáid chun tacú le foghlaim na scoláirí sa Ghaeilge. Tá aird ar leith á díriú ar chumas labhartha sa teanga agus an teagasc trí Ghaeilge a chur chun cinn ag an mbunleibhéal agus an iarbhunleibhéal araon.

Tá dul chun cinn maith déanta le curaclam nua don Ghaeilge a fhorbairt ag an mbunleibhéal. Tá tús curtha chomh maith le sonrúchán nua don Ghaeilge nua don tSraith Shóisearach a fhorbairt agus tá páipéar cúlra curtha amach faoi láthair le haghaidh comhairliúcháin. Ó Mheitheamh 2012, tá líon na marcanna do chumas sa Ghaeilge labhartha méadaithe ó 25% go 40%. Tá athbhreithniú á dhéanamh ar thionchar an athraithe seo agus beidh na torthaí ar fáil sa bhliain nua. Téann sonraí fianaise bhunaithe i bhfeidhm ar ár saothar. Tá miontuairisc ar fhorfheidhmiú na mbeartas oideachais sa Straitéis 20 Bliain ar fáil ar shuíomh mo Roinne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.