Written answers

Tuesday, 5 November 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Farantóireachta Éisc

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

913. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cé mhéad ceadúnas um fheilméaracht éisc an bhradáin atá i bhfeidhm maidir le cuan Chill Chiaráin; cé leis gach ceadúnas; cén uair a eisíodh iad; cén fhaid a mhairfidh na ceadúnais; an raibh gá ag chuile cheann acu le ráiteas tionchair timpeallachta faoi rialacha Natura 2000 ó tharla gur ceantar SAC agus SPA an cuan seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [46509/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Léirítear i dtaifid mo Roinne go bhfuil toilithe imill trá do shaothrú bradán i gCuan Chill Chiaráin i seilbh na gcuideachtaí atá liostaithe thíos.

Ceadúnas CuideachtaDáta Eisithe an ToilitheFad an Toilithe
AQ 428Bradán Beo Teo 30/08/200229/08/2012
AQ 431Bradán Beo Teo 30/08/200229/08/2012
AQ 432Bradán Beo Teo30/08/200229/08/2012
AQ 427 Bradán Beo Teo 30/08/200229/08/2012
AQ 429Bradán Beo Teo 30/08/200229/08/2012
AQ 426Tairgeoirí Biamara Atlantach Teo 30/08/200229/08/2012
AQ 380Feirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo01/02/200231/01/2012
Tá stádas na dtoilithe i seilbh Fheirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo agus Táirgeoirí Biamara Atlantach Teo á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair. Ó tharla go gcuimsíonn Cuan Chill Chiaráin suíomh ‘Natura 2000’ ainmnithe a chorpraíonn na gníomhaíochtaí dobharshaothraithe thuas, caithfear Measúnú Cuí i gcomhréir le forálacha na dTreoracha maidir le hÉin agus Gnáthóga a thabhairt chun críche sular féidir cinneadh maidir le hathnuachan féideartha na dtoilithe dobharshaothraithe a dhéanamh. Tá an ceanglas seo maidir le Measúnú Cuí ar leithligh ó scrúdú leanúnach mo Roinne ar stádas na dtoilithe i leith Fheirmeoirí Bradán Chill Chiaráin Teo agus Táirgeoirí Biamara Atlantach Teo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.