Written answers

Thursday, 24 October 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Scéim Talmhaíochta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

209. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar íocaíocht faoi Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus Scéim na hÍocaíochta Aonair do 2013 le feirmeoir i gContae na Gaillimhe (sonraí leis seo); cén fáth go bhfuil moill leis an íocaíocht seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [45337/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Rinneadh iarratas ar Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste / an Scéim Íocaíochta Aonair 2013 an 16 Bealtaine 2013 faoin uimhir thréada thuas. I ndiaidh don iarratas a bheith déanta, aistríodh an uimhir thréada sin chuig an duine ainmnithe ó ainm a mháthar.

Scríobh mo Roinn chuig an duine ainmnithe an 18 Meán Fómhair, ag cur comhairle air gur chóir dó féin agus dá mháthair foirm iarratais ar Aistriú Teidlíochta a chomhlánú chun socrú a dhéanamh teidlíochtaí na hÍocaíochta Aonair a bhí sealbhaithe in ainm a mháthar a aistriú chuig a ainm féin. Ina theannta sin, de réir mar a aistríodh an uimhir thréada chuig an duine ainmnithe tar éis dó iarratas ar an Scéim Íocaíochta Aonair a chur isteach, bhí gá le foirm bhreise trínar chomhaontaigh an duine ainmnithe leis na freagrachtaí uile a bhaineann leis an Scéim Íocaíochta Aonair. Tá na foirmeacha sin próiseáilte anois.

Déanfar an t-iarratas a phróiseáil tuilleadh d'fhonn an réamhíocaíocht faoin Scéim Íocaíochta Aonair 2013 a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Rinneadh íocaíocht i ndáil le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste 2013 an 21 Deireadh Fómhair 2013.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.