Written answers
Tuesday, 22 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Pobail Oileáin
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
88. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Roinn Comhsaoil maidir leis an tionchar a bheadh ar phobail na nOileán i gcás go dtiocfadh deireadh le feidhmiú Chomhar na nOileán de bharr polasaithe ailínithe an Roinn Comhsaoil, agus cén céimeanna atá tógtha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta le cinnte a dhéanamh de go mbeidh ionadaíocht agus tacaíocht shásúil ag pobail na nOiléan i bhfoirm eagraíochta ar nós Chomhar na nOileán nó eile. [44220/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Níl aon fhreagracht reachtúil ar mo Roinnse maidir le Comhar na nOileán ós rud é go dtagann a chuid gníomhaíochtaí faoin Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil.
É sin ráite, bíonn teagmhálacha leanúnacha ag mo Roinnse leis an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus go deimhin le pobail na n-oileán féin maidir leis na cúrsaí seo. Comhairlítear dom nach bhfuil aon chinneadh tógtha ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil maidir le Comhar na nOileán a bheith ag cur seirbhísí LEADER ar fáil amach anseo.
No comments