Written answers

Tuesday, 22 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Cruthú Fostaíochta

Photo of Michael ColreavyMichael Colreavy (Sligo-North Leitrim, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

86. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad post atá cruthaithe agus caillte sa Ghaeltacht le 12 mhí anuas; agus an bhfuil na figiúirí seo de réir na spriocanna atá leagtha síos ag a Roinn; agus an bhfuil sé i gceist aige an maoiniú a bheidh ar fáil don Údarás a mhéadú i bhfianaise an mhéadaithe le cúpla bliana anuas ar an maoiniú a fhaigheann na heagrais fiontraíochta eile, agus i bhfianaise na leibhéal ard dífhostaíochta sa Ghaeltacht. [44222/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cruthaíodh 689 post nua sa Ghaeltacht in 2012 agus, ag deireadh na bliana sin, bhí 7,533 post i gcliantchuideachtaí de chuid Údarás na Gaeltachta, lena n-áirítear 6,933 post lánaimseartha agus 620 post páirtaimseartha.

Tuigim ó Údarás na Gaeltachta gurb é an sprioc fostaíochta atá ag an eagraíocht do 2013 ná 400 post nua a chruthú, chomh maith le 6,500 post a choinneáil ina chliantchuideachtaí sa Ghaeltacht. Tuigtear dom fosta go bhfuil an tÚdarás sásta go mbainfear na spriocanna sin amach faoi dheireadh na bliana.

Is ar bhonn suirbhé bliantúil a dhéanann Údarás na Gaeltachta tuairisciú ar phoist a cruthaíodh agus a cailleadh. Foilseofar na figiúirí don bhliain 2013 ag tús 2014 nuair atá an suirbhé bliantúil curtha i gcrích.

Tá suim iomlán de €18.409 milliún curtha ar fáil i Vóta mo Roinne d'Údarás na Gaeltachta i mbliana chun cuidiú leis a chuid spriocanna a bhaint amach. Anuas air sin, tá cead ag an Údarás an fáltas a fhaightear ó dhíol maoine a athinfheistiú ina chlár caipitil. Tuigim go mbeidh fáil ag Údarás na Gaeltachta ar thart ar €1.6 milliún eile i mbliana chun na críche sin.

Beidh allúntas de €17.485 milliún ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2014. Ní miste a rá gur figiúr táscach é seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo. Idir allúntas an Státchiste agus acmhainní an Údaráis féin, tá mé cinnte go mbeidh ar chumnas an Údaráis leanúint orthu ag cruthú post nua sa Ghaeltacht agus ag cosaint na bpost atá ann faoi láthair.

San aeráid eacnamaíochta ina bhfuilimid faoi láthair, tá gach iarracht á dhéanamh agam chun cuidiú leis an Údarás a chuid spriocanna a bhaint amach. Sa chomhthéacs seo, ní miste a lua go bhfuil Údarás na Gaeltachta, Fiontraíocht Éireann agus an tÚdarás Forbartha Tionscail ag obair as lámha a chéile le fada an lá ar mhaithe le fiontair a mhealladh chuig an nGaeltacht. Mar thoradh ar chinneadh Rialtais a tógadh i mí na Bealtaine 2011, tá na naisc seo á láidriú chun iarracht a dhéanamh an tairbhe is fearr agus is féidir a fháisceadh as na hacmhainní teoranta airgid atá ag an Stát faoi láthair. I bhfianaise an chomhoibrithe idir an tÚdarás agus na háisíneachtaí fiontraíochta eile de chuid an Stáit, feictear dom gurb é seo an socrú is fearr don Ghaeltacht. Is fiú a nótáil gur cheadaigh an tÚdarás Forbartha Tionscail tacaíocht in 2012 do 220 post nua i gcliantchuideachta de chuid an Údaráis atá lonnaithe i gConamara.

Ar deireadh, ní miste dom a dheimhniú go bhfuil mise sásta nach gcaillfear aon deis fostaíocht a chruthú sa Ghaeltacht d'uireasa an chúnaimh chuí a bheith ar fáil ón Údarás.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.