Written answers

Tuesday, 22 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Seirbhísí Farantóireachta

Photo of Séamus KirkSéamus Kirk (Louth, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

62. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad iad na polasaithe atá aige maidir le cúrsaí farantóireachta agus maidir le cúrsaí taistil go dtí na hoileáin Ghaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44497/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé mar pholasaí ag mo Roinn tacú le seirbhísí iompair sábháilte agus rialta do na hoileáin a bhfuil daonra buan orthu, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta. Tacaíonn na seirbhísí iompair seo - idir seirbhísí farantóireachta, aeir agus lastais - le forbairt inbhuanaithe na n-oileán. Maoiníonn mo Roinnse seirbhísí iompair a fhreastalaíonn ar 19 n-oileán, lena n-áirítear oileáin Ghaeltachta, faoi 24 chomhaontú éagsúil. Chomh maith leis sin, bíonn cúnamh áirithe ar fáil ó mo Roinnse, trí na húdaráis áitiúla ábhartha, d'oibreacha chun uasghrádú a dhéanamh ar infreastruchtúr rochtana ar na hoileáin féin nó ar infreastruchtúr ar an mórthír a fhreastalaíonn ar na hoileáin.

Ní miste a rá go bhfuil mé an-sásta go mbeidh an t-allúntas céanna de €5.9m ar fáil do mo Roinnse in 2014 do na seirbhísí iompair do na hoileáin. Tógadh an cinneadh seo chun a chinntiú go mbeidh na seirbhísí túslíne a chuirtear ar fáil do na hoileáin amach ón chósta ag an leibhéal céanna is atá i mbliana. Maidir leis an allúntas caipitil a bheidh le caitheamh ag mo Roinnse in 2014, beidh suim €644,000 le caitheamh ar chothabháil infreastruchtúir ar na hoileáin. Ní miste a rá gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith faofa amach anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.