Written answers

Tuesday, 22 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis don Ghaeilge

Photo of Jonathan O'BrienJonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

69. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ós rud é go bhfuil deireadh leis an seimineár idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail maidir le dul chun cinn na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 anois, an ndéanfaidh sé an struchtúr riachtanach ardleibhéil, áit a ndéanfar na moltaí sula gcuirfear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad, a bhunú idir na húdaráis agus na heagraíochtaí pobail Gaeilge agus Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44230/13]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is ar an 3 Deireadh Fómhair 2013 a reáchtáladh an seimineár atá luaite aige. Thug an seimineár deis do na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta léargas a fháil ó mo Roinnse, ó Fhoras na Gaeilge agus ó Údarás na Gaeltachta faoin obair atá idir lámha againn faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus faoin bpróiseas pleanála teanga. Is deis éisteachta a bhí ann chomh maith do mo Roinnse, don Údarás agus don bhForas a chuirfidh le comhthuiscint a chothú idir na páirtithe éagsúla ar an ábhar seo. Tuigtear dom gur éirigh go maith leis an seimineár.

Tá mo Roinnse airdeallach go bhfuil éileamh ann gur chóir go mbunófaí struchtúr ar leith faoin Straitéis leis na heagraíochtaí pobail atá ag feidhmiú ar an talamh. Tá mo Roinnse airdeallach fosta go bhfuil athruithe i ndán d'earnáil na n-eagraíochtaí Gaeilge agus cinneadh críochnúil tógtha i mí Iúil ag an gComhairle Aireachta Thuaidh Theas faoi na socruithe nua maoinithe atá le cur i bhfeidhm ag Foras na Gaeilge sa tréimhse atá amach romhainn. Tuigtear dom go ndearnadh plé ag an seimineár ar struchtúr ar leith a bhunú faoin Straitéis. Déanfar na moltaí a tháinig ón seimineár a mheas in am trátha sula dtógfar aon chinneadh maidir leis seo.

Ní miste a rá go bhfuil mo Roinnse ag súil go mór le dlús a chur leis an bpróiseas pleanála teanga faoin Acht i gcomhar leis an Údarás agus leis an bhForas agus leis na heagraíochtaí a bheidh ag tabhairt faoin bpleanáil teanga sna ceantair éagsúla. Ní miste a aithint go bhfuil an cuspóir céanna againn uile maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus táim ag súil go mór go mbeimid ag obair as lámha a chéile chun an cuspóir sin a chur i gcrích.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.