Written answers

Tuesday, 22 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Teanga Gaeilge

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

110. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas maidir leis na rialacháin atá sínithe aige le deánaí i dtaobh pleanáil teanga faoi scáth Acht na Gaeltachta agus, go háirithe, cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh iad a chur i bhfeidhm, agus cé acu leagan a ghlacfar mar an leagan údarásach de na rialacháin, an leagan Béarla nó an leagan Gaeilge. [44231/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag fiosrú faoi na rialacháin a shínigh mé ar an 17 Meán Fómhair 2013 chun na critéir pleanála teanga a fhorordú faoi alt 12 den Acht Gaeltachta 2012. Beidh na critéir seo riachtanach agus mo Roinnse ag déanamh measúnú amach anseo ar na pleananna teanga a ullmhófar do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, do na Líonraí Gaeilge agus do na Bailte Seirbhíse Gaeltachta sula ndéanfar iad a fhaomhadh.

D'fhógair mé níos túisce i mbliana go mbeidh 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi leith ann chun críche an phróisis phleanála teanga sa Ghaeltacht faoin Acht. Tuigtear dom go bhfuil bailchríoch á chur ag Údarás na Gaeltachta i gcomhar le mo Roinnse ar shainiú na dtoghrann éagsúil a bheidh i gceist sna 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta. Dá bhrí sin, tá súil agam a bheith in ann na chéad fhógraí a dhéanamh i gcás 3 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta faoi alt 7(3) den Acht roimh dheireadh na bliana. Ina theannta sin, tuigtear dom go mbeidh Foras na Gaeilge ag fógairt Scéim na Líonraí Gaeilge sa chéad ráithe de 2014. Tá Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge ag leagan amach córas trédhearcach faoina roghnófar eagraíochtaí chun pleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an bpobal sna ceantair éagsúla.

Ina theannta sin, tá mo Roinnse ag obair ar threoirlínte, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, a leagfaidh síos próiseas trédhearcach d'ullmhú, d'fheidhmiú agus do mheasúnú na bpleananna teanga sna limistéir, sna bailte agus sna líonraí, rud a chabhróidh leis na heagraíochtaí pobail agus iad ag tabhairt faoin bpróiseas pleanála teanga ar an talamh. Tá súil agam go mbeidh na treoirlínte seo foilsithe roimh dheireadh na bliana fosta.

Tuigtear dom gur leagadh an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de na Rialacháin atá luaite ag an Teachta os comhair Thithe an Oireachtais ag an am céanna. Tá iarrtha agam ar oifigigh mo Roinne an cheist áirithe atá tógtha ag an Teachta maidir leis an leagan údarásach a shoiléiriú agus a chíoradh le hOifig an Ard-Aighne.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.