Written answers

Tuesday, 22 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Imeachtaí Comóraidh

Photo of Mary Lou McDonaldMary Lou McDonald (Dublin Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

101. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta maidir le maoiniú a sholáthar chun ionad oidhreachta a thógáil ag Teach an Phiarsaigh in am do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. [44226/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Faoin bpacáiste spreagtha caipitil de chuid an Rialtais a fógraíodh sa cháinaisnéis, tá maoiniú de €6m curtha ar fáil don bhliain 2014 do Chlár Cuimhneacháin 1916. Tá roinnt tograí i gceist leis an gClár seo, lena n-áirítear Ard-Oifig an Phoist, an Chartlann Mhíleata agus Teach an Phiarsaigh.

Ní miste a nótáil nach bhfuil aon suimeanna ar leith luaite go fóill as an bpacáiste €6m d'aon cheann de na tograí seo. Tuigtear dom go ndíreofar air sin nuair a fhoilseofar na Meastacháin Athbhreithnithe faoi dheireadh na bliana.

Beidh breithniú le déanamh, ar ndóigh, i gcomhar leis na páirtithe leasmhara, ar na céimeanna a bheidh le tógáil i gcás Theach an Phiarsaigh chun an togra a chur chun cinn, i bhfianaise na n-acmhainní uile a bheidh ar fáil amach anseo faoi Chlár Cuimhneacháin 1916.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.