Written answers
Tuesday, 22 October 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Seirbhísí Eitilte
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
93. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an mbeadh sé in ann a chinntiú go gcuirfear sochair shocheacnamaíocha na seirbhíse san áireamh sa scrúdú a dhéanfar maidir leis an oibleagáid seirbhíse poiblí i leith na seirbhíse aeir d'Oileáin Árann agus nach mbeidh an scrúdú sin teoranta d'anailís costais is tairbhe nach dtabharfadh aon aitheantas d'fhíorluach na seirbhíse. [44247/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Mar is eol don Teachta, tá mo Roinnse ag lorg tairiscintí ó chomhlachtaí chun tabhairt faoi athbhreithniú ar an tseirbhís aeir a chuirtear ar fáil d'Oileáin Árann faoi Oibleagáid Seirbhíse Poiblí faoi Rialacháin 1008/2008 den Aontas Eorpach. Tá an t-athbhreithniú sin á dhéanamh anois mar go bhfuil gá lena leithéid faoi na Rialacháin sin agus tá téarmaí tagartha an athbhreithnithe i gcomhréir leo. Is léir ó na téarmaí tagartha sin go scrúdófar cás socheacnamaíoch don tseirbhís aeir, i measc nithe eile san athbhreithniú atá beartaithe.
No comments