Written answers

Tuesday, 15 October 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Limistéir Oidhreachta Nádúrtha

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

187. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé na socraithe atá déanta le plean bainistíochta a chur i bhfeidhm ar na limistéir oidhreachta nádúrtha ar na hOileáin Árann, céard iad na socraithe atá déanta chun é seo a dhéanamh i gcomhpháirt le pobal na nOileán; an mbeidh cúiteamh ar fáil faoin bplean do na húinéirí áitiúla; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [43589/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is togra taispeána é togra AranLIFE a chuirfear i bhfeidhm ar na trí Oileán Árann thar thréimhse 4 bliana ó 2014-2017. Níl sé i gceist ag mo Roinn plean iomlán bainsistíochta a chur i bhfeidhm ar na hoileáin ach, ag baint úsáide as maoiniú LIFE+, déanfar iarracht dea-chleachtais bainistíochta caomhantais na bhfeirmeoirí áitiúla sna limistéir atá ainmnithe faoi líonra Natura 2000 ar na trí oileáin a fhorbairt agus a léiriú. Bainfear leas as eolas agus taithí áitiúil feirmeoireachta, mar aon le saineolas na gcomhpháirtithe eile sa togra, chun dul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le feirmeoireacht oileánda agus chun stádas caomhantais na limistéar ainmnithe a fheabhsú.

Meastar go bhféadfadh thart ar 70 feirm (suas le 1,011 heicteár de thalamh Natura ) ar fud na dtrí oileán a bheith bainteach go díreach leis an togra. Is é €2,597,685 an buiséad measta iomlán do thogra AranLIFE. Tiocfaidh 75% de mhaoiniú an togra ó chlár maoinithe LIFE+ an Aontais Eorpaigh agus tiocfaidh an 25% eile den mhaoiniú ó na comhpháirtithe eile, i.e., An Roinn Talamhaíochta, Foraoiseachta agus Mara, Fáilte Éireann, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus An Chomhairle Oidhreachta, chomh maith le tacaíocht ó mo Roinn féin. Beidh Teagasc agus An Institiúid Teicneolaíchta, Sligeach, rannpháirteach chomh maith.

Nuair a bheidh foireann an togra ceaptha go luath i 2014, tabharfar cuireadh d'fheirmeoirí na dtrí oileán spéis a léiriú i bpáirt a ghlacadh go deonach sa togra. Eagrófar cruinnithe poiblí chun an togra a phoibliú agus a mhíniú. Gheobhaidh feirmeoirí a bheidh páirteach sa togra íocaíocht as oibreacha comhaontaithe a chur i gcrích mar chuid den togra. Beidh méid na híocaíochta ag brath ar phlean bainistíochta a bheith aontaithe i gcás gach feirme.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.