Written answers

Wednesday, 9 October 2013

Department of Education and Skills

Stádas Scoile Faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

83. To ask the Minister for Education and Skills an ndéanfaidh sé cinnte de go mbronnann an Roinn Oideachais agus Scileanna stádas DEIS, atá ag bunscoileanna sa cheantar céanna, ar Phobalscoil Ghaoth Dobhair gan a thuilleadh moille, sa dóigh is go mbeidh rogha ag mic léinn Ghaeltachta dara leibhéal ó Rann na Feirste freastal ar Phobalscoil na Rosann, meánscoil ag a bhfuil stádas DEIS ach a mhúineann trí Bhéarla, nó ar mhéanscoil lán-Ghaeilge i nGaoth Dobhair; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [42659/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Bunaíodh an próiseas aitheantais do bhunscoileanna ar anailís a rinne an tIonad Taighde Oideachais (ERC) ar thorthaí suirbhé ar bhunscoileanna. Aithníodh san anailís na hathróga socheacnamaíocha is fearr, i dteannta a chéile, mar fháistineoirí ar ghnóthachtáil, agus baineadh úsáid as na hathróga sin chun bunscoileanna a aithint le bheith páirteach i gclár DEIS. I gcás iar-bhunscoileanna, chuir mo Roinn sonraí éagsúla oideachais agus socheacnamaíocha ar fáil don ERC ó bhunachar sonraí na ndaltaí iar-bhunscoileanna agus ó bhunachar sonraí Choimisiún na Scrúduithe Stáit. Níor roghnaíodh Pobalscoil Ghaoth Dobhair le bheith páirteach i gclár DEIS toisc nár chomhlíon sí na critéir.

Ina theannta sin, in achomharc a rinne an scoil chuig foras neamhspleách athbhreithnithe sa bhliain 2006, deimhníodh nár leor leibhéal míbhuntáiste na scoile chun cáiliú don chlár. Tá sé mar phríomh-thosaíocht ag an Roinn Oideachas agus Scileanna acmhainí a chur in ord tosaíochta agus a dhíriú i scoileanna ina bhfuil na leibhéil míbhuntáiste oideachais is dlúithe. Dúshlán suntasach atá ann, mar thoradh ar an dtimpeallacht eacnamúil atá ann faoi láthair agus an aidhm chun caiteachas poiblí a laghdú. Cuireann sé seo srian freisin ar an gcumas le breisiú ar bith sa chlár DEIS, roghnú scoileanna breise san áireamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.