Written answers
Tuesday, 8 October 2013
Department of Education and Skills
Cónascadh Comhlachtaí
Sandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
238. To ask the Minister for Education and Skills an ndéanfaidh sé ráiteas maidir le todhchaí COGG; cén tionchar a bhí ag cinneadh an Aire COGG a thabhairt faoi bhráid CNCM; cé na himpleachtaí a bheidh ag an gcinneadh sin i dtaca leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an bhfuiltear fós chun dul chun cinn leis an gcinneadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38490/13]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá mo chinneadh polasaí déanta agam COGG agus an CNCM a chomhshuí. Chuir mé an Chomh-aireacht ar an eolas faoi seo agus phléigh mé go hiomlán leo é an tSamhain seo caite. Táim cinnte gur fearr a n-éascófar le feidhmiú mholtaí na straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010 - 2030, de bharr iad a bheith comhshuite, agus, ina theannta sin, le feidhmiú Acht na Gaeltachta, 2012, agus leis an leasú curaclach atá ar siúl faoi láthair ar an mbunoideachas agus ar an iar-bhunoideachas.
Beidh tuilleadh deiseanna ann chun sineirgí a chur ar siúl idir obair na CNCM de réir mar a fhorbraíonn sé curaclaim agus obair COGG de réir mar a ghineann sé acmhainní. Tá a Bord, a buiséad agus a lucht foirne féin ag COGG.
No comments