Written answers

Tuesday, 8 October 2013

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeilge

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

196. To ask the Minister for Education and Skills an aontaíonn sé gur chóir don Roinn Oideachais agus Scileanna soláthair a dhéanamh den tacaíocht chuí atá ag teastáil do scoileanna Gaeltachta le leanúint ar aghaidh, lena chinntiú go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile Gaeltachta, go háirithe agus í luaite mar chuspóir 6 sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais go gcuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí é agus go Leanfar leis an tacaíocht do Ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41848/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá athbhreithniú ar bun ag mo Roinn faoi láthair ar an oideachas a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht mar aitheantas don chomhthéacs reachtaíochta ina bhfuil na scoileanna Gaeltachta ag feidhmiú agus mar aitheantas ar na dúshláin ar leith a ghabhann le hoideachas trí mheán na Gaeilge a sholáthar do pháistí sna scoileanna sin. Is é cuspóir an athbhreithnithe a bheidh ar bun ná chun roghanna a aithint i dtaca le soláthar oideachais i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna Gaeltachta a bhfuil próifílí teangeolaíocha éagsúla acu, agus chun ionchais agus polasaí a shoiléiriú maidir le teagasc trí Ghaeilge sna scoileanna sin. Díreoidh mo Roinn aird ar ghnéithe maraon leo siúd atá luaite sa cheist i rith an athbhreithnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.