Written answers
Tuesday, 24 September 2013
Department of Social Protection
Teanga Gaeilge
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
355. To ask the Minister for Social Protection an féidir léi a chinntiú go mbeidh na seirbhísí poiblí a sholáthraíonn an Roinn chomh maith leis an tSeirbhís Leasa Pobail ar fáil trí mheán na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [39805/13]
Joan Burton (Dublin West, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Geallann mo Roinnse (an tSeirbhís Leasa Pobail san áireamh) seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil do chustaiméirí i nGaeilge agus i mBéarla. Chuige sin tá raon foirmeacha, bileog agus doiciméad eile ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ar shuíomh gréasáin na Roinne . Tá an Roinn lándáiríre faoi oiliúint agus forbairt leanúnach a chur ar an bhfoireann chun gur féidir seirbhís Ghaeilge a chur ar fáil. Tá tacaíochtaí éagsúla ar fáil chun na scileanna agus an fhéinmhuinín riachtanach a thabhairt don fhoireann líne thosaigh chun seirbhís Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí - ar an bhfón, i litreacha agus duine le duine. Nuair a scríobhann custaiméir chugainn i nGaeilge, is i nGaeilge a fhreagraítear an custaiméir sin. Ach i ngeall ar a mhéad oifigí móra atá ag an Roinn, ní féidir ball foirne (atá líofa go leor chun déileáil le custaiméir i nGaeilge) a bheith ar fáil i gcónaí i ngach ceann díobh. Nuair nach mbíonn ball foirne mar sin ar fáil, is é an nós coinne a thairiscint don chustaiméir le ball foirne a bheidh in ann déileáil leis nó léi as Gaeilge. De rogha air sin, cuirtear seirbhís ateangaire ar fáil, i bhfoirm glao gutháin trí chainteoir.
No comments