Written answers

Wednesday, 18 September 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Gerry AdamsGerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

34. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé cinnte de go mbeidh an t-éileamh a rinne na 66 eagraíocht Gaeilge, Gaeltachta, cultúrtha agus oideachais chun tosaigh ar chlár an tseimineáir atá beartaithe ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta a eagrú, is é sin go gcuirfí struchtúr ardleibhéil ar bun idir na húdaráis agus eagraíochtaí pobail na Gaeilge agus na Gaeltachta, trína bhféadfar moltaí a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-30 sula gcuirfear ar aghaidh chuig na hAirí cuí iad; an féidir leis an Aire a chur in iúl cén dáta atá socraithe don seimineár ós rud é gur fhógair sé é an 30 Bealtaine 2013; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38487/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá áthas orm a fhógairt go mbeidh an seimineár leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta á reáchtáil ag mo Roinnse, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le Foras na Gaeilge, ar 3 Deireadh Fómhair 2013. Tá súil agam go gcuideoidh an seimineár leis an malartú eolais faoin Straitéis a éascú idir mo Roinn, an tÚdarás agus an Foras, mar aon leis na heagraíochtaí ábhartha Gaeilge agus Gaeltachta. Tabharfaidh an seimineár deis an próiseas pleanála teanga a phlé leis na heagraíochtaí seo fosta. Beidh mé ag tnúth leis na tuairimí uile a thiocfaidh ón seimineár a mheas i dtráth cuí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.