Written answers
Wednesday, 18 September 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Scéim Labhairt na Gaeilge
Gerry Adams (Louth, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
16. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil sé i gceist aige an scéim “Líofa 2015” a chur ar bun sa stát seo; agus mura bhfuil, an dtabharfaidh sé míniú ina thaobh. [38488/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tuigtear dom go bhfuil ag éirí go maith leis an tionscnamh Líofa 2015 a sheol an tAire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta i dTuaisceart Éireann i mí Mheán Fómhair 2011 agus fáiltím roimh an deis seo chun tréaslú leis an Aire Ní Chuilín as an tionscnamh seo a fhorbairt.
Tuigim ó Fhoras na Gaeilge go bhfuil cinneadh tógtha aige a mhacasamhail de thionscnamh a fhorbairt sa dlínse seo i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le heagraíochtaí Gaeilge ábhartha eile. Tuigim go bhfuil an obair phleanála ina leith sin ar siúl ag an bhForas faoi láthair agus go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas an tionscnamh a sheoladh faoi dheireadh na bliana seo nó go luath an bhliain seo chugainn. Ar ndóigh, tá an fhorbairt atá beartaithe ag an bhForas ag teacht lena chuid feidhmeanna reachtúla an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin.
Ag aithint an stádais éagsúil a bhaineann leis an nGaeilge sa dlínse seo, tá sé mar sprioc ag an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go mbeidh 250,000 duine ag labhairt Gaeilge ar bhonn laethúil faoin mbliain 2030. Táthar ag súil go spreagfaidh tionscnamh an Fhorais níos mó daoine chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid ar bhonn laethúil agus muid ag dul i dtreo spriocanna na Straitéise a bhaint amach.
No comments