Written answers

Wednesday, 18 September 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Comhlachtaí Poiblí

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

54. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Roinn Cumarsáide maidir lena chinntiú gur i nGaeilge amháin a bheidh an t-ainm ar an gcomhlacht nua atá molta ag an Rialtas a bhunú trí chónascadh a dhéanamh idir Coillte agus Bord na Móna faoin ainm 'Bioenergy Ireland'; an aontaíonn sé go mbeadh sé go dona dá ndéanfaí ainm i mBéarla a thabhairt ar dhá chomhlacht a bhfuil ainmneacha aitheanta Gaeilge atá éasca le tuiscint orthu; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38496/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Comhairlítear dom go mbaineann an cheist seo le cúraimí ranna éagsúla, eadhon, an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, chomh maith leis an ngníomhaireacht NewERA.

Níl aon ról reachtúil ag mo Roinn maidir le hainmneacha a roghnú do chomhlachtaí poiblí aonair.

Ar ndóigh, i gcomhthéacs chur chun cinn úsáid na Gaeilge go ginearálta agus i gcomhthéacs na scéimeanna teanga a aontaítear le comhlachtaí poiblí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, is féidir liom a dhearbhú go bhfuil sé mar pholasaí ginearálta ag mo Roinnse comhlachtaí poiblí a spreagadh chun úsáid a bhaint, a mhéid is féidir, as an leagan Gaeilge dá n-ainmneacha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.