Written answers
Wednesday, 18 September 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Curaclam Scoile
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
46. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an raibh aon phlé aige leis an Roinn Oideachas agus Scileanna maidir le hathbhreithniú ar an gcuraclam do scoileanna Gaeltachta; an mbeidh aon ionchur aige ar na téarmaí tagartha d’aon athbhreithniú den chinéal sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [38491/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt don athbhreithniú atá beartaithe ag an Roinn Oideachais agus Scileanna a dhéanamh ar an oideachas a chuirtear ar fáil sa Ghaeltacht chun soiléiriú a dhéanamh ar a polasaí i leith oideachais trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Is féidir liom a rá go raibh oifigigh na Roinne Oideachais agus Scileanna i ndáil chomhairle le hoifigigh mo Roinnse maidir le téarmaí tagartha an athbhreithnithe seo.
No comments