Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta

Photo of Sandra McLellanSandra McLellan (Cork East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

369. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an ndéanfaidh sé ráiteas ar an gcóras ceapacháin a bhí ann do bhord nua Údarás na Gaeltachta, agus conas a chinntigh an tAire go gceapfaí baill a mbeadh taithí agus saineolas cuí acu chuig an mbord, an ndéanfaidh sé ráiteas ar thuairiscí sna nuachtáin go raibh gearrliosta ann de dhaoine oiriúnacha don Bhord a dhréachtaigh an Roinn Ealaíon Oidhreachta agus Gaeltachta agus ar an gcúis nár ghlac an tAire le hainm ar bith ina measc, agus an ndéanfaidh sé ráiteas ar an tábhacht atá leis an eolas iomlán faoin gCóras Ceapacháin a chur os comhair an phobail, i bhfianaise tuairiscí á rá nár tugadh na cáipéisí seo ar láimh do Nuacht RTÉ/TG4 nuair a iarradh taifid a bhain leis an gcóras ceapacháin faoin Acht um Shaoráil Faisnéise i Nollaig 2012. [36330/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I bhfógra poiblí a rinne an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son mo Roinne i mí Iúil 2012, lorgaíodh léirithe spéise ó dhaoine a raibh suim acu i gceapachán chuig bord Údarás na Gaeltachta ach na cáilíochtaí cuí agus an taithí chuí a bheith acu. Tugadh le fios san fhógra go bhféadfaí daoine a cheapadh lasmuigh den phróiseas sin. Fuarthas 68 ráiteas spéise de bharr an fhógra, chomh maith le dhá cheann eile a tháinig chuig mo Roinnse ó fhoinsí eile. Anuas air sin, chuir oifigigh mo Roinne liosta i dtoll a chéile de 34 dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh chuig bord an Údaráis.

Tar éis dom na cúinsí uile a mheas, roghnaigh mé triúr comhalta do bhord Údarás na Gaeltachta nach raibh tar éis iarratas a dhéanamh trí léiriú spéise chuig an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí nó nach raibh ar an liosta a d’ullmhaigh oifigigh mo Roinne.

Tuairiscíodh ar Nuacht TG4 ar 28 Meitheamh 2013 go raibh an liosta a d'ullmhaigh oifigigh de chuid mo Roinne i measc thaifid bhreise a aimsíodh le linn phróiseas achomhairc a rinneadh faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003. Is tuairisc mhíchruinn a bhí sa tuairisc áirithe sin. Bhí sé curtha in iúl do Nuacht TG4 ar 7 Eanáir 2013, sa chéad fhreagra ó mo Roinn ar iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, go raibh liosta curtha le chéile ag foireann mo Roinne de dhaoine a d’fhéadfadh a bheith cáilithe le ceapadh ar bhord Údarás na Gaeltachta. Rinneadh an t-eolas sin a athdheimhniú arís i bhfreagra mo Roinne ar achomharc Nuacht TG4 ar 6 Feabhra 2013. Ba é an cinneadh a rinne oifigigh mo Roinne i dtaca leis an iarratas agus an achomharc ó Nuacht TG4 - i gcomhréir le forálacha na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise - gan an liosta seo a scaoileadh mar gheall ar an eolas pearsanta a bhí ann. Tuigtear dom go bhfuil i gceist ag an gCoimisinéir Faisnéise cinneadh críochnúil a fhoilsiú ar an ábhar seo ar ball.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.