Written answers

Thursday, 18 July 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Abbey Theatre

Photo of Seán Ó FearghaílSeán Ó Fearghaíl (Kildare South, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

378. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad post in earnáil dheonach na Gaeilge atá maoinithe faoi láthair ag Foras na Gaeilge faoin gcóras reatha bunmhaoinithe; cé mhéad post a bheidh le maoiniú faoin múnla nua maoinithe atá beartaithe a theacht i bhfeidhm an 01 Iúil 2014; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [36352/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ag a cruinniú in Ard Mhacha ar an 10 Iúil 2013, rinne an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas socruithe nua maoinithe a fhaomhadh, le héifeacht ón 1 Iúil 2014, in ionad múnla reatha bunmhaoinithe Fhoras na Gaeilge. Aontaíodh freisin go gcuirfí síneadh leis na socruithe bunmhaoinithe go dtí 30 Meitheamh 2014 nuair a thiocfaidh na socruithe nua maoinithe i bhfeidhm. Tuigtear dom ó Fhoras na Gaeilge go mbaineann 81 post leis an earnáil bhunmhaoinithe faoin gcóras reatha agus go bhfuiltear ag samhlú gur thart ar 63 post a bhainfidh leis an múnla nua a thiocfaidh i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2014. Caithfear a aithint gur figiúir táscach é seo, atá ag brath go mór ar na socruithe deiridh idir na heagrais iad féin agus ar na pleananna oibre a bheidh le haontú acu le Foras na Gaeilge. Ní miste a rá go mbraithfidh an toradh i ndeireadh an lae ar na heagraíochtaí bunmhaoinithe féin, ar fhostóirí iad ar na daoine atá sna poist a ndéanann an Teachta tagairt dóibh.

Ar ndóigh, ba chóir go n-eascróidh féidearthachtaí eile i ndáil le deiseanna nua fostaíochta a fhorbairt as na socruithe maoinithe nua, nuair a bheidh na heagrais ceannais ag díriú ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus ag dul i bhfeidhm ar phobail níos mó agus níos leithne sa dá dhlínse.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.