Written answers

Tuesday, 16 July 2013

Department of Environment, Community and Local Government

Forbairt na nOileán

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

75. To ask the Minister for Environment, Community and Local Government cén méid airgid atá fágtha lena cheadú ag Comhar na nOileán Teo faoi Chlár Leader i leith oileáin Chonamara agus mhórthír Chonamara faoi seach; cén uair a bheidh cead ag Comhar na nOileán Teo an t-airgead seo a cheadú; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [33936/13]

Photo of Phil HoganPhil Hogan (Carlow-Kilkenny, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I gcomhréir leis an gcur chuige ‘ó bhun aníos’ ar na gnéithe LEADER den Chlár Forbarta Tuaithe(CFT) 2007-13, is iad na Comhlachtaí Forbartha Áitiúla (CFÁ) na príomh cinnteoirí maidir le leithroinnt maoiniú tionscnaimh. Déantar na cinntí seo i gcomhhéacs an stráitéis forbairt áitiúil de na grúpaí aonair agus i gcomhréir le rialacha oibriúcháin an chláir agus rialacháin AE.

Tuigim, bunaithe ar an eolas atá curtha ar fáil do mo Roinn ag Comhar na nOileáin, an CFA atá freagrach as seachadadh na gnéithe LEADER den Chlár Forbartha Tuaithe (CFT) 2007-2013 i nGaeltacht Contae na Gaillimhe go bhfuil an maoiniú ar fad a bhí ar fáil acu i leith ceantar na noileáin Contae na Gaillimhe geallta acu anois. San áireamh anseo tá dhá thionscnaimh móra de luach deontais iomlán €382,599.35 atá faoi láthair ag dul faoi bhun próiséas ceadúcháin i mo Roinn;Samhláim go gcríochnófar an próiséas seo go luath.

Tuigim freisin go bhfiul €140,000 fós ar fáil do thionscnaimh cáilithe i leith ceantair Gaeltacha ar mhórthír Contae na Gaillimhe. Tá Comhar na nOiléain ag obair faoi láthair le roinnt tionsnóirí le cinntiú go ngealltar an t-airgead seo le tionscnaimh cáilithe chomh luath agus féidir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.