Written answers
Tuesday, 2 July 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
474. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an bhfuil plean aige le fáil réidh leis an maolú ar stádas na Gaeilge san Aontas Eorpach i 2016 chun níos mó ná 180 post breise a chruthú do dhaoine le Gaeilge san AE; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [32158/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Is mian liom aird an Teachta a dhíriú ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Dála Uimhir 23 ar 30 Bealtaine 2013 faoin ábhar seo. Mar a thug mé le fios sa fhreagra sin, beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 faoi thodhchaí an mhaolaithe atá i bhfeidhm faoi láthair maidir le húsáid na Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha.
Idir an dá linn, táthar ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go mbeidh dóthain foirne cáilithe fostaithe sna hinstitiúidí chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le stádas na Gaeilge san Eoraip. Mar thacaíocht don aidhm seo, tá céimeanna tógtha ag mo Roinn le roinnt blianta anuas chun maoiniú a chur ar fáil do réimse cúrsaí tríú leibhéal ábhartha agus d'fhorbairt na téarmaíochta Gaeilge.
No comments