Written answers

Tuesday, 11 June 2013

Department of Education and Skills

Oideachas Gaeilge

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

235. To ask the Minister for Education and Skills an gcuirfidh sé acmhainní agus tacaíocht bhreise ar fáil do scoil (sonraí ar fáil) chun gur féidir an cúrsa Ardteistiméireachta trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil do dhaltaí, ag cur i gcuntas go bhfuil an scoil suite i nGaeltacht Dhún na nGall agus go bhfuil éileamh ann ó dhaltaí a rinne an Teastas Sóisearach trí Ghaeilge leanúint ar aghaidh lena gcuid staidéir trí mheán na Gaeilge. [26639/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Táthar tar éis Aonad a bhunú sa scoil dá dtagraíonn an Teachta ó 2006 i leith chun oideachas trí Ghaeilge a sholáthar sa tsraith shóisearach. I gcás na scoile i gceist, sholáthraigh mo Roinnse acmhainní mar fhreagairt ar éileamh léirithe agus coinneoidh sí i gcónaí ar an scéal a athbhreithniú chun a fháil amach an leor an leibhéal éilimh chun na hacmhainní a soláthraíodh a bharántú.

Maidir le soláthar oideachais trí Ghaeilge ag leibhéal na sraithe sinsearaí sa scoil seo, coinneoidh mo Roinn i gcónaí ar an gcás a athbhreithniú. Táscaire soiléir é gur leor an iontráil fhéideartha in Aonad ag leibhéal na sraithe sinsearaí, chun leithdháileadh na n-acmhainní riachtanacha ar Aonad dá leithéid a bharántú, má bhíonn patrún léirithe, comhsheasmhach ann de leibhéal réasúnta éilimh sa tsraith shóisearach. Bíodh is go bhfuil Aonad sa scoil seo don tsraith shóisearach ó 2006 i leith, is líon an-bheag mac léinn atá ag freastal ar an Aonad sa tsraith shóisearach. Sa chomhthéacs seo, níl líon réasúnta mac léinn ag glacadh páirt san Aonad faoi láthair agus dá bhrí sin níor rogha inmharthana é an tAonad a leathnú go dtí an tsraith shinsearach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.