Written answers

Thursday, 30 May 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge

Photo of Pádraig Mac LochlainnPádraig Mac Lochlainn (Donegal North East, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

43. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dtabharfaidh sé soiléiriú i dtaobh an bhfuil i gceist aige scéim deontais a chur ar fáil do mhná tí sna Coláistí Samhraidh a bhfuil gá acu le breis spáis lóistín chun tacú leo a dtithe a thabhairt suas chuig na caighdeáin chuí ó thaobh sábháilteachta agus sláinte de. [26252/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos, tá áthas orm a rá go leanfar ag íoc deontas ó mo Roinnse le teaghlaigh a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge ar iostas faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus iad ag freastal ar choláistí Gaeilge sa Ghaeltacht. Mar is eol don Teachta, cuireadh an scéim tithíochta faoi Achtanna na dTithe (Gaeltachta) 1929 - 2001 ar fionraí ar an 7 Aibreán 2009. Is faoin scéim seo a tugadh cabhair deontais d'úinéirí tithe sa Ghaeltacht chun feabhas a chur ar a dtithe, lena n-áirítear iad siúd a chuir iostas ar fáil d'fhoghlaimeoirí Gaeilge. Níl i gceist an scéim tithíochta a athoscailt san am i láthair. Bheadh aon chinneadh i leith na scéime le tógáil i gcomhthéacs na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.