Written answers

Thursday, 30 May 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Stádas na Gaeilge san Eoraip

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

23. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an leagfaidh sé amach plean, ina mbeidh spriocanna bliantúla, maidir le líon na n-aistritheoirí agus na n-ateangairí atá ag teastáil do na poist ar ardchaighdeán atá ar fáil ag Éirinn san Aontas Eorpach faoi 2016; má dhéanann sé sin, an bhfoilseoidh sé an plean seo chun go mbeidh na heagraíochtaí Gaeilge in ann cabhrú leis na spriocanna a bhaint amach agus chun go mbeidh an pobal ar an eolas faoi na deiseanna fostaíochta atá ar fáil san Aontas Eorpach [26246/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I mí an Mheithimh 2005, chinn Comhairle na nAirí san Aontas Eorpach go mbeadh stádas mar theanga oifigiúil agus mar theanga oibre de chuid an Aontais ag an nGaeilge. Tháinig an cinneadh seo i bhfeidhm ar an 1 Eanáir 2007. Cuireadh maolú i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2007 go dtí an 31 Nollaig 2011 maidir le húsáid na Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha agus cuireadh síneadh 5 bliana leis an maolú seo go dtí an 31 Nollaig 2016 mar gheall ar na deacrachtaí dóthain foirne cáilithe a earcú sna hinstitiúidí Eorpacha.

Faoin maolú, níl dualgas ann gach téacs dlíthiúil de chuid an Aontais Eorpaigh a aistriú go Gaeilge. Ciallaíonn sé seo gur gá na dlíthe Eorpacha amháin a dhéantar faoin nós imeachta comhchinnidh a aistriú go Gaeilge. Ní miste a nótáil go bhfuil méadú suntasach tagtha ar líon na ndlíthe Eorpacha atá le haistriú go Gaeilge mar thoradh ar theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin ar an 1 Nollaig 2009, a chiallaíonn gurb é an nós imeachta comhchinnidh an gnás anois seachas an eisceacht i bpróiseas reachtaíochta na hEorpa.

Beidh cinneadh le tógáil faoi dheireadh na bliana 2015 maidir le todhchaí an mhaolaithe agus beidh an cheist seo le breithniú ag an Rialtas in am trátha. Sa chomhthéacs seo, ní miste a nótáil go bhfuil sé ráite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go n-oibreoidh an Rialtas chun na himthosca a chruthú ina mbeidh go leor céimithe cáilithe ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an Aontais Eorpaigh le go bhféadfar deireadh a chur leis an maolú sin le linn ré na Straitéise, is é sin faoin mbliain 2030.

Táthar ag obair leis na hinstitiúidí Eorpacha ar bhonn leanúnach chun a chinntiú go mbeidh dóthain foirne cáilithe fostaithe sna hinstitiúidí chun freastal ar na riachtanais a bhaineann le stádas na Gaeilge san Eoraip. Mar shampla, tá ciste ar leith ag mo Roinnse chun maoiniú a chur ar fáil do shainchúrsaí tríú leibhéal i nGaeilge chun aistritheoirí, ateangairí agus dlítheangeolaithe a oiliúint. Ina theannta sin, tá mo Roinn ag cur maoiniú ar fáil do Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath chun téarmaíocht Ghaeilge a sholáthar do bhunachar sonraí téarmaíochta an Aontais Eorpaigh.

De réir mar a thuigtear ón bplé atá ar siúl leis na hinstitiúidí Eorpacha, theastódh méadú suntasach ar an líon foirne le Gaeilge chun deireadh a chur leis an maolú. Ní miste a nótáil go gcaithfidh cumas i dtrí theanga oifigiúla de chuid an Aontais Eorpaigh a bheith ag iarratasóirí ar phoist den chineál seo sna hinstitiúidí Eorpacha, is iad sin an Ghaeilge, an Béarla agus teanga oifigiúil eile. Scaiptear eolas go forleathan in Éirinn maidir leis na comórtais earcaíochta ábhartha a reáchtáiltear sna hinstitiúidí Eorpacha, lena n-áirítear eolas a chur ar fáil ar .

Cé go bhfuil go leor dúshlán le sárú chun dóthain daoine leis na cáilíochtaí cuí a oiliúint chun freastal ar riachtanais na Gaeilge san Aontas Eorpach, is féidir liom a rá go leanfar ag obair go dlúth leis na hinstitiúidí Eorpacha ar mhaithe le stádas na Gaeilge san Eoraip.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.