Written answers

Thursday, 30 May 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Jonathan O'BrienJonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

20. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cathain a bhí an cruinniú deireanach ag an gCoiste Feidhmiúcháin atá freagrach as an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, cé chomh minic a tháinig siad le chéile le bliain anuas, cén dul chun cinn atá déanta ag an gcoiste sin; cén teanga oibre a úsáidtear sna cruinnithe [26256/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a leagtar amach polasaí an Rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge. Sa chomhthéacs seo, tá sé ráite i gClár an Rialtais 2011-2016 go dtabharfaidh an Rialtas tacaíocht don Straitéis agus go ndéanfaidh sé na spriocanna indéanta atá luaite inti a sheachadadh.

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag déanamh tagairt don Choiste Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht a bhfuil an Taoiseach ina chathaoirleach air. Tionóladh an cruinniú is déanaí den Choiste Rialtais seo ar an 15 Aibreán 2013 agus táthar ag súil an chéad chruinniú eile a reáchtáil go luath. Bhí 3 chruinniú ag an Choiste Rialtais seo le linn na bliana 2012. Déanann an Coiste Rialtais ar an Ghaeilge agus ar an Ghaeltacht maoirseacht ar bhonn leanúnach ar an dul chun cinn maidir le forfheidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Is ar bhonn dátheangach a thionóltar na cruinnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.