Written answers
Tuesday, 7 May 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
An Teanga Gaeilge
Maureen O'Sullivan (Dublin Central, Independent)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
249. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht ó leasaíodh Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 le hAlt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 chun nach gá Achtanna den Oireachtas a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla a thuilleadh ach go bhfuil cead ag an Rialtas Acht den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon i mBéarla amháin anois, an dóigh leis go bhfuil an córas níos éifeachtaí anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [21282/13]
Jimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Ar an gcéad dul síos, ní mór dom a shoiléiriú don Teachta nach bhfuil feidhm reachtúil agamsa maidir le foilsiú Achtanna den Oireachtas.
Ceadaíonn an leasú a rinneadh ar alt 7 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 le halt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011 gur féidir Achtanna den Oireachtas a fhoilsiú ar an idirlíon i gceann amháin de theangacha oifigiúla an Stáit sula ndéantar iad a chló agus a fhoilsiú go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla.
Cinntíonn an leasú seo go bhfuil Achtanna den Oireachtas ar fáil chomh luath agus is féidir tar éis iad a bheith sínithe ag an Uachtarán. Ní athraíonn an leasú seo ar aon bhealach an dualgas reachtúil maidir le cló agus foilsiú Achtanna den Oireachtas go comhuaineach i ngach ceann de na teangacha oifigiúla mar atá sonraithe in alt 7(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 (arna leasú le halt 62 den Acht um an Dlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha), 2011). Tuigtear dom go bhfuil an fhoráil leasaithe ag feidhmiú go héifeachtach chun an leagan achtaithe d’Achtanna an Oireachtais a chur ar fáil le linn don tiontú oifigiúil a bheith á réiteach.
No comments