Written answers

Wednesday, 1 May 2013

Department of Education and Skills

Polasaí Iontrála Gaelscoileanna

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

102. To ask the Minister for Education and Skills cé mhéid gearán atá faighte ag a Roinn ó ceapadh é mar Aire Oideachais faoi pholasaí iontrála na nGaelscoileanna agus go mórmhór faoi scoileanna a thugann tosaíocht do pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu ón gcliabhán; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20568/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tá sé de fhreagracht ar na húdaráis bhainistíochta sna scoileanna go léir polasaí rollaithe a chur i bhfeidhm de réir an Acht Oideachais, 1998. Ina leith seo, is féidir nach mbeidh an dara rogha ag Bord Bainistíochta gan ach páistí d'aois ar leith nó as ceantar ar leith a rollú nó, ó am go chéile, critéar de shaghas éigin eile a chur i bhfeidhm. Faoi na scoileanna féin atá sé a shocrú céard iad na critéir a chuirfidh siad i bhfeidhm i dtosca dá leithéid. Ní mór an próiseas roghnaithe seo agus an polasaí rollaithe ar a bhfuil sé bunaithe a bheith neamh-idirdhealaitheach agus ní mór iad a chur i bhfeidhm go cothrom i leith na n-iarratasóirí go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.