Written answers

Tuesday, 30 April 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

An Choimisiúin Logainmneacha

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

349. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéid folúntas atá sa Bhrainse Logainmneacha faoi láthair; cén grád iad; agus an bhfuil sé i gceist aige na folúntais a líonadh. [20396/13]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

350. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é an loighic atá taobh thiar den chinneadh Coiste Logainmneacha seachas Coimisiún Logainmneacha a bheith ann amach anseo; cathain a ainmneofar an coiste; agus cad iad go díreach dualgais an choiste seo. [20397/13]

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

351. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cad é costas reatha an Bhrainse Logainmneacha agus an Choimisiúin Logainmneacha le haghaidh gach bliain le 5 bliana anuas; agus cad iad na costais thuartha don bhliain seo, 2013. [20398/13]

Photo of Jimmy DeenihanJimmy Deenihan (Kerry North-West Limerick, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tógfaidh mé ceisteanna 349, 350 agus 351 le chéile.

Tháinig deireadh le téarma oifige an Choimisiúin Logainmneacha ar an 11 Deireadh Fómhair 2012. Faoi réir chinneadh an Rialtais i dtaca le Plean an Rialtais um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, socraíodh go dtiocfadh coiste saineolaithe, a d’fheidhmeodh ar bhonn pro bono , in áit an Choimisiúin Logainmneacha, agus go ndéanfaí an obair go príomha ar líne. Beidh idir seachtar agus deichniúr le ceapadh mar bhaill den Choiste Logainmneacha, i gcomparáid leis an seachtar ball déag a bhí ar an gCoimisiún roimhe seo. Tá sé ar intinn agam baill an Choiste Logainmneacha a cheapadh go luath.

Ach an oiread leis an gCoimisiún Logainmneacha, is é an príomhdhualgas a bheidh ar an gCoiste Logainmneacha scrúdú a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann mar a shainítear iad sin in alt 31 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 chun leaganacha Gaeilge na logainmneacha sin a dhearbhú faoi réir alt 32 den Alt.

Íocadh na táillí seo a leanas (gan costais taistil agus chothaithe san áireamh) le baill an Choimisiúin Logainmneacha ón mbliain 2008 i leith:

Bliain20082009201020112012
Iomlán na dtáillí€16,520€8,820€24,780€22,260€8,680

Is foireann de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iad foireann an Bhrainse Logainmneacha agus áirítear a gcostas siúd mar chuid d’ollchostais foirne na Roinne.

Mar atá curtha in iúl agam don Teach cheana mar fhreagra ar cheisteanna 159 agus 160 ar 18 Aibreán 2013, tar éis don Phríomhoifigeach Logainmneacha scor óna phost ar na mallaibh, ceapadh Príomhoifigeach Cúnta i mo Roinn chun déileáil le réimse gníomhaíochtaí ó thaobh na Gaeilge de, lena n-áirítear na feidhmeanna a bhíodh ag an bPríomhoifigeach Logainmneacha. Faoi láthair, tá beirt Ardoifigeach Logainmneacha agus Oifigeach Logainmneacha amháin fostaithe sa Roinn agus iad ag plé le clár oibre ar leith. Níl aon phlean ann an líon oifigeach seo a laghdú amach anseo. Mar a thuigfidh an Teachta, tá mo Roinn ag feidhmiú faoi réir an choisc ar earcaíocht san earnáil phoiblí.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.