Written answers

Thursday, 25 April 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Údarás na Gaeltachta Issues

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

35. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad plean teanga atá réitithe ag eagraíochtaí pobaíl, cé mhéad airgid atá curtha ar fáil chun na pleananna a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19243/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Mar is eol don Teachta, is gá, chun críche alt 7(3) d’Acht na Gaeltachta 2012, na Limistéir Pleanála Teanga sa Ghaeltacht a fhógairt go poiblí. Tá an réamhullmhúchán ina leith sin á dhéanamh faoi láthair i gcomhar le Údarás na Gaeltachta.

Tá ráite ag an Údarás nach foláir a bheith ag tabhairt tús áite don ghné teangeolaíoch sa dáileadh seo. Dá bhrí sin, beidh an dáileadh atá á mholadh bunaithe ar staid reatha na teanga agus ar shaineolas agus taithí feidhmeannaigh an Údaráis a bhíonn ag plé le pobal na Gaeltachta ar an talamh, tar éis dóibh a bheith i dteagmháil leis na pobail atá i gceist.

Tá obair ullmhúcháin idir lámha ag an Údarás chomh maith chun córas cuí a aimsiú faoina roghnófar eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú i gcomhar leis an phobal sna Limistéir Pleanála Teanga. Ní miste a rá go dtabharfar deis do gach uile ceantar Gaeltachta a bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála teanga.

Maidir le hacmhainní airgid, tá allúntas reatha de €3.4m ag Údarás na Gaeltachta i mbliana atá le caitheamh ar ghníomhaíochtaí teanga sa Ghaeltacht agus ar an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Ina theannta sin, tá soláthar reatha agus caipitil gur fiú os cionn €8.2m san iomlán ag mo Roinn féin le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana. Tá an soláthar airgid sin á chaitheamh ar raon beartas agus scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht.

Ar ndóigh, is Straitéis 20 Bliain ata i gceist agus is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag glacadh go córasach leis na céimeanna cuí chun cur i bhfeidhm iomlán an Achta a chinntiú, lena n-áirítear gach gné a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus go leanfar ag féachaint chuige go bhfaightear an luach is fearr is féidir ar airgead don Státchiste.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.