Written answers

Thursday, 25 April 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

30. To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta mar gheall ar an Straitéis Fiche Bliain; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19244/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Aithnítear sa Straitéis 20-Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go bhfuil gá le cur chuige céimneach chun bearta éagsúla na Straitéise a chur i gcrích. I gcomhréir leis an gcur chuige seo, tá obair leanúnach ar siúl chun raon leathan gníomhaíochtaí faoin Straitéis a chur i bhfeidhm. Déanann mo Roinn é seo i gcomhar leis na páirtithe leasmhara éagsúla, ar a n-áirítear ach go háirithe an Roinn Oideachais agus Scileanna, Foras na Gaeilge agus Údarás na Gaeltachta.

Ós rud é go bhfuil an lárfhreagracht ar mo Roinn don Straitéis, tugadh faoi chéim an bhunaithe di a chur i gcrích in 2011 nuair a díríodh ar dhaoine a chur ar an eolas faoin Straitéis agus ar bhunú na struchtúr eagraíochtúil agus oibríochtúil. Tugadh tús áite do ghnóthaí reachtaíochta in 2012 le hachtú Acht na Gaeltachta a thugann bunús reachtúil do chóras pleanála teanga, taobh istigh agus taobh amuigh den Ghaeltacht, agus a thugann ról lárnach sa phleanáil teanga d'Údarás na Gaeltachta agus d'Fhoras na Gaeilge.

Tá tosaíocht á tabhairt faoi láthair d'ullmhú na reachtaíochta tánaistí faoi Acht na Gaeltachta 2012. Is faoin reachtaíocht seo a shonrófar na critéir pleanála teanga a bheidh mar bhunús chun pleananna Gaeilge a cheadú do Limistéir Pleanála Teanga, Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus Líonraí Gaeilge. Chomh maith leis sin, tá céimeanna sa treis chun tuarascáil a fhoilsiú go luath a chuimseoidh an dul chun cinn atá déanta ag na páirtithe leasmhara éagsúla maidir le forfheidhmiú na Straitéise go dáta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.