Written answers

Wednesday, 24 April 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Limistéir faoi Mhíbhuntáiste

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

210. To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cén uair a dhéanfar cinneadh ar achomharc faoi scéim na limistéar faoi mhíbhuntáiste 2012 atá déanta ag duine i nGaillimh (sonraí tugtha); cén fáth go bhfuil móill leis an gcinneadh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [19175/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is é an duine ainmnithe duine amháin de líon iarratasóirí a raibh tionchar ar a gcásanna ag an riachtanas den íosdlús stocála de 0.3 aonad beostoic do gach heicteár foráiste in 2011, agus a rinne iarratas don maolú seo agus ar diúltaíodh dó ina leith.

Cuireadh achomhrac an duine ainmnithe ar aghaidh chuig Coiste Achmhrac an DAS le breithniú a dhéanamh air; a luaithe is a dhéanann an Coiste breithniú ar an achomhrac seo, cuirfear in iúl don duine i gceist maidir leis an gcinneadh, i scríbhinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.