Written answers

Tuesday, 16 April 2013

Department of Education and Skills

Scéimeanna Teanga

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills an gcailleann múinteoirí atá ag múineadh i nGaelscoil agus a bhfuil an liúntas as múineadh trí Ghaeilge acu, an liúntas sin má aistríonn siad go Gaelscoil eile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16617/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Thug an Rialtas faomhadh do roinnt áirithe beart a bhaineann le liúntais seirbhíse poiblí tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar fud na seirbhíse poiblí ar fad ar liúntais agus íocaíochtaí préimhe.

Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, táthar tar éis an Liúntas do Mhúineadh trí Ghaeilge a tharraingt siar i gcás tairbhithe nua ar fud na seirbhíse poiblí le héifeacht ó 1 Feabhra 2012. Íocfar an liúntas sin i gcónaí do dhuine ar bith a bhí ag fáil an Liúntais do Mhúineadh trí Ghaeilge ar 31 Eanáir 2012, ach amháin sa chás go n-éiríonn an múinteoir as an jabról sin nó go n-aistríonn sé/í ó scoil amháin go scoil eile nó ó fhostaitheoir amháin go fostaitheoir eile ar 1 Feabhra 2012 nó ina dhiaidh sin. Áit a ndéantar múinteoir a ath-imlonnú faoin scéim chomhaontaithe ath-imlonnaithe, ní mheasfar é seo a bheith ina scor.

Tá tuilleadh eolais maidir leis an toradh ar an athbhreithniú ar liúntais foilsithe i gCiorclán 0008/2013 atá le fáil ar shuíomh gréasáin mo Roinne www.education.ie.

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Education and Skills ar réitíodh plean gnó maidir leis na liúntais as múineadh trí Ghaeilge agus múineadh sa Ghaeltacht lena chur chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe; murar réitíodh cén fáth nár réitíodh; agus má réitíodh cén uair a cuireadh chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe é; cén toradh nó aisfhreagra a fritheadh air; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [16618/13]

Photo of Ruairi QuinnRuairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Cuireadh cás Gnó maidir le liúntais a íoctar le múinteoirí, agus an Liúntas um Mhúineadh trí Ghaeilge agus Deontas na Gaeltachta san áireamh, faoi bhráid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar chuid den Athbhreithniú ar Liúntais na hEarnála Poiblí agus Íocaíochtaí Préimhe i 2012. Foilsíodh an cás gnó seo ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Scríobh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chuig mo Roinn ar an 4 Deireadh Fómhair 2012 ag tabhairt le fios go raibh Cinneadh Rialtais déanta na liúntais seo a chur ar ceal do thairbhithe nua le feidhm ón 1 Feabhra 2012 agus go raibh athbhreithniú le déanamh ar na liúntais do thairbhithe reatha. Tá cóip den litir seo ar fáil freisin ar shuíomh gréasáin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.