Written answers

Thursday, 21 March 2013

Department of Finance

An Ghníomhaireacht Mhapaíochta Náisiúnta

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Finance cén fáth go bhfuil na mapaí ar an suíomh idirlín Gaeilge don Cháin Mhaoine Áitiúil i mBéarla i bhfianaise obair an Choimisiúin Logainmneacha agus an Bhrainse Logainmneacha thar na blianta agus i bhfianaise na hoibre atá déanta ag Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar mhapaí Gaeilge; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [14363/13]

Photo of Michael NoonanMichael Noonan (Limerick City, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Comhairlíonn na Coimisinéirí Ioncaim dom gur tionscadal rathúil comhoibritheach idir na Coimisinéirí Ioncaim agus Suirbhéireacht Ordanáis Éireann (SOÉ), an Ghníomhaireacht Mhapaíochta Náisiúnta, é an suíomh idirlín um threoir luachála. Comhairlítear dom freisin go bhfuil gach iarracht á dhéanamh le cinntiú go bhfuil an leagan Gaeilge den treoir ar aon dul leis an leagan Béarla, agus ar an ábhar seo, tá aistriúchán iomlán déanta ar an téacs mínitheach uile agus ar na ceisteanna uile a iarrtar ar úsáideoirí na treorach a chomhlánú chun cabhrú leo teacht ar bhanda luachála táscach don chineál, aois agus suíomh maoine atá acu.

Tuigeann na Coimisinéirí Ioncaim ón SOÉ nach féidir leagan go hiomlán i Gaeilge a chur ar fáil faoi láthair don scála is mó (sin é, an mapa is mionsonraithe) ionas gur féidir le húsáideoirí díriú isteach ar thoghcheantar ar leith. Tá dul chun cinn sontasach déanta ag an mBrainse Logainmneacha leaganacha Gaeilge de logainmneacha a chur ar fáil agus tá obair leanúnach á dheanamh acu logainmneacha Gaeilge uile sna contaetha ar mhapa mórscála na hÉirinn a bhailíochtú. Cé go bhfuil seirbhís mhapaíochta mheánscála ar fáil i nGaeilge a úsáideann sonraí a bhfuarthas ó Fhiontar in Ollscoil Chathair Átha Cliath, níl an áis aistriúcháin Ghaeilge seo ar fáil faoi láthair ag an scála níos ísle sin a bheadh ag teastáil ó úsáideoirí le díriú isteach ar shuíomh ar leith, ar spéis leo luacháil maoine a fháil ann. Meastar go mbeadh sástacht úsáideoirí leis an dtreoir i mbaol dá rachfaí beo don phobal le seirbhís mhapaíochta a bheadh cuid i nGaeilge agus cuid i mBéarla. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé seo bheith ina cúis mhearbhaill.

Comhairlíonn na Coimisinéirí Ioncaim go gcoimeádfaidh siad an t-ábhar faoi athbhreithniú agus, ag comhoibriú leis an SOÉ, nuair atá seirbhís mhapaíochta ar fáil go hiomlán i nGaeilge do na scálaí uile atá ag teastáil ó úsáideoirí chun díriú isteach ar shuíomh ar leith, go ndéanfaidh siad nuashonrú ar an leagan reatha den chuid Ghaeilge dá suíomh idirlín.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.