Written answers
Wednesday, 13 March 2013
Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht
Údarás na Gaeltachta
Pearse Doherty (Donegal South West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht an dhéanfaid sé ráiteas maidir le hionadaíocht ó na Gaeltachtaí beaga ar Bhord an Údaráis ós rud é nach mbeidh ionadaíocht lánaimseartha ag Gaeltacht na Mí ar an bhord, agus go bhfuil ionadaithe ón dá Ghaeltacht bheaga eile ainmnithe aige ar an bhord. [13095/13]
Dinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Tá réimse leathan taithí, scileanna agus cáilíochtaí ag na comhaltaí atá ceaptha agam ar bhord Údarás na Gaeltachta. Chomh maith leis sin, cuimsíonn an ionadaíocht reatha atá ar an bhord gach contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina dhlínse, Contae na Mí san áireamh. Tá mé sásta, dá réir, go bhfuil an bord nua atá ag Údarás na Gaeltachta ionadaíoch do phobal na Gaeltachta i gcoitinne.
Creidim go gcuirfidh na ceapacháin atá déanta agam le cumas Údarás na Gaeltachta feidhmiú go héifeachtach agus go straitéiseach chun leas teangeolaíoch, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch phobal na Gaeltachta a threisiú i gcomhréir le feidhmeanna reachtúla na heagraíochta.
No comments