Written answers

Wednesday, 13 March 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Scéimeanna Teanga

Photo of Jonathan O'BrienJonathan O'Brien (Cork North Central, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad limistéar atá roghnaithe ó thaobh plean teanga a chur i bhfeidhm; cad iad na hacmhainní atá á gcur ar fáil do na limistéir seo; cad iad na pleananna oibre atá aontaithe, agus an dtabharfaidh sé míniú maidir le cad atá ar intinn aige a dhéanamh maidir leis na limistéir nach bhfuil plean réitithe acu le cur i bhfeidhm. [13101/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Glacaim leis go bhfuil an Teachta ag tagairt do na Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta faoi Acht na Gaeltachta 2012. I gcomhréir leis an Acht sin, déanfar an Ghaeltacht mar atá sí faoi láthair a athshainiú mar Limistéir Pleanála Teanga, ag baint leas as critéir pleanála teanga. Tá obair ar bun ag Údarás na Gaeltachta, i gcomhar le mo Roinn, maidir le sainiú cuí a dhéanamh ar na limistéir éagsúla atá i gceist.

Faoin Acht, is é an tÚdarás atá freagrach as roghnú na n-eagraíochtaí a thabharfaidh faoi phleananna teanga a ullmhú agus a fheidhmiú sna Limistéir Pleanála Teanga i gcomhar leis an bpobal. Tuigtear dom go bhfuil obair ullmhúcháin idir lámha ag an Údarás ina leith sin. Ní miste a rá go dtabharfar deis do gach uile cheantar Gaeltachta a bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála teanga.

Maidir le hacmhainní airgid, tá allúntas reatha de €3.4m ag Údarás na Gaeltachta i mbliana atá le caitheamh ar ghníomhaíochtaí teanga sa Ghaeltacht agus ar an bpróiseas pleanála teanga ach go háirithe. Ina theannta sin, tá soláthar reatha agus caipitil gur fiú os cionn €8.2m san iomlán ag mo Roinn féin le caitheamh sa Ghaeltacht i mbliana. Tá an soláthar airgid sin á chaitheamh ar raon beartas agus scéimeanna atá dírithe ar an nGaeilge a neartú mar theanga pobail agus teaghlaigh sa Ghaeltacht. Ní miste a nótáil gur figiúirí táscacha iad seo, faoi réir na Meastachán a bheith foilsithe agus faofa go luath.

Agus acmhainní maidir le pleanáil teanga faoi chaibidil, is fiú a lua go n-aithnítear an riachtanas faoi leith a bhaineann le hoiliúint i réimse na pleanála teanga. Chun freastal cuí a dhéanamh ar an riachtanas sin, beidh Dioplóma sa Phleanáil Teanga á sholáthar ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ag tosú san fhómhar i mbliana. Le soláthar an chúrsa sin, tabharfar deis oiliúna i réimse na pleanála teanga do na heagraíochtaí Gaeltachta agus do pháirtithe leasmhara eile.

Is féidir leis an Teachta a bheith cinnte de go leanfar ag glacadh go córasach leis na céimeanna cuí i dtreo chur i bhfeidhm iomlán an Achta a chinntiú, lena n-áirítear gach gné a bhaineann leis an bpleanáil teanga sa Ghaeltacht, agus go leanfar ag féachaint chuige go bhfaightear an luach is fearr is féidir ar airgead don Státchiste.

Photo of Dessie EllisDessie Ellis (Dublin North West, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cé mhéad eagras stáit nách bhfuil scéimeanna teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla daingnithe ag an Roinn dóibh; cad atá déanta ag an Aire faoi seo; agus an bhfuil sé i gceist aige treoir a thabhairt do na heagraíochtaí seo scéimeanna teanga a dhaingniú. [13102/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

I dtús báire, is mian liom a mheabhrú don Teachta go bhfuil 108 scéim teanga aontaithe ón uair gur tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm. Cuimsíonn na scéimeanna seo 194 comhlacht poiblí san iomlán. Sa bhreis air sin, tá 122 dréacht scéim á n-ullmhú ag comhlachtaí poiblí éagsúla faoi láthair agus tá plé gníomhach ar siúl ag oifigigh mo Roinne ina leith. Tá mé dóchasach go mbeidh toradh dearfach ar an bplé sin agus go mbeidh tuilleadh scéimeanna á ndaingniú agam i rith na bliana seo.

Cé go bhfuil tuairim is 600 comhlacht poiblí san áireamh faoin gCéad Sceideal den Acht, tá mise sásta go gclúdaíonn an 108 scéim atá i bhfeidhm mórchuid na gcomhlachtaí poiblí a mbíonn teagmháil rialta ag an bpobal i gcoitinne leo.

Ní miste a aithint, áfach, nach bhfuil córas na scéimeanna teanga gan laigí agus gur próiseas casta atá ann scéimeanna a aontú agus a dhaingniú. Tá sé tábhachtach a chur san áireamh fosta gur féidir leis an bpróiseas sin a bheith dúshlánach do chomhlachtaí poiblí, go háirithe leis an mbrú ar acmhainní, mar atá i láthair na huaire. Dá bhrí sin, tá athbhreithniú ar chóras na scéimeanna teanga mar chuid den athbhreithniú ar an Acht atá ar siúl ag mo Roinn faoi láthair.

Tá sonraí maidir leis na scéimeanna uilig atá daingnithe go dáta, mar aon leis na scéimeanna atá á n-ullmhú faoi latháir, ar fáil ar shuíomh gréasáin Oifig an Choimisinéara Teanga, .

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.