Written answers

Wednesday, 13 March 2013

Department of Arts, Heritage and the Gaeltacht

Teach an Phiarsaigh

Photo of Brian StanleyBrian Stanley (Laois-Offaly, Sinn Fein)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Arts, Heritage and the Gaeltacht cén dul chun cinn atá déanta ó thaobh maoiniú a thabhairt le hionad oidhreachta a thógáil ag Teach an Phiarsaigh in am do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca. [13099/13]

Photo of Dinny McGinleyDinny McGinley (Donegal South West, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Tuigim go bhfuil plé ar siúl le cúpla bliain anuas chun ionad cuairteoirí a fhorbairt ag suíomh Theach an Phiarsaigh i Ros Muc. Mar thoradh ar na cainteanna idir na páirtithe éagsúla, lena n-áirítear mo Roinn, an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta, aontaíodh tabhairt faoi ionad cuairteoirí a fhorbairt gar do Theach an Phiarsaigh. Bunaíodh grúpa idir Oifig na nOibreacha Poiblí agus Údarás na Gaeltachta chun an tionscnamh a chur chun cinn. Is é an aidhm atá leis an gcomhoibriú seo ná maoiniú a aimsiú don fhorbairt, an obair thógála a bhainistiú agus socruithe a dhéanamh chun an t-ionad a bhainistiú ach é a bheith tógtha.

Tuigtear dom ó Údarás na Gaeltachta go bhfuil an tionscnamh tugtha chuig staid réamhphleanála ag an ngrúpa seo agus go bhfuil sonraíochtaí iomlána ullmhaithe do na foirgnimh atá molta. É sin ráite, tuigtear dom nach bhfuil foinsí maoinithe aimsithe don tionscnamh go fóill.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.