Written answers
Tuesday, 12 March 2013
Department of Education and Skills
Múinteoirí Bunscoile agus Meánscoile
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
To ask the Minister for Education and Skills cad iad na hathruithe atá déanta ar na liúntais Ghaeilge, Ghaeltachta agus Oileáin a bhíonn á n-íoc le múinteoirí bunscoile agus meánscoile ó tháinig sé i gcumhacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12883/13]
Ruairi Quinn (Dublin South East, Labour)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source
Thug an Rialtas faomhadh do roinnt beart a bhain le liúntais seirbhíse poiblí tar éis don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe athbhreithniú a dhéanamh ar fud na seirbhíse poiblí ar liúntais agus préimh-íocaíochtaí.
Mar thoradh ar chinneadh an Rialtais, táthar tar éis na liúntais Gaeltachta, na liúntais i gcomhair mhúineadh trí Ghaeilge agus na liúntais Oileáin a tharraingt siar ar fud na seirbhíse poiblí i gcás tairbhithe nua, múinteoirí san áireamh, le héifeacht ó 1 Feabhra 2012.
No comments