Written answers

Tuesday, 12 March 2013

Department of Agriculture, Food and the Marine

Bord Iascaigh Mhara

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

To ask the Minister for Agriculture, Food and the Marine cé mhéad airgead atá caite go dtí seo ag Bord Iascaigh Mhara ar an togra feirmeoireachta éisc i gCuan na Gaillimhe; cé mhéad a chaithfear i mbliana ar an togra; cé mhéad atá caite go dtí seo chun eolas faoin togra a scaipeadh; cad iad na céimeanna atá tugtha ag Bord Iascaigh Mhara le cinntiú go bhfuil an t-eolas atá á scaipeadh acu neamhchlaonta agus cruinn; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12882/13]

Photo of Simon CoveneySimon Coveney (Cork South Central, Fine Gael)
Link to this: Individually | In context | Oireachtas source

Is comhlacht reachtúil neamhspleách é Bord Iascaigh Mhara (BIM) agus is saincheisteanna oibríochta iad na nithe a luaigh an Teachta agus is nithe do BIM féin iad, dá bharr sin. Is féidir liom a dhearbhú gur trí bhuiséad reatha BIM ón Státchiste a íocadh gach costas a bhaineann leis an iarratas ar cheadúnas dobharshaothraithe do Chuan na Gaillimhe. Chuir BIM ar aghaidh chuig mo Roinn iarratas ar Cheadúnas Dobharshaothraithe agus ar Cheadúnas Urthrá d’fhonn iasc eite a shaothrú gar d’Inis Oírr i gCuan na Gaillimhe. Tá breithniú iomlán á dhéanamh faoi láthair ar an iarratas agus ar an Ráiteas Tionchair Timpeallachta (EIS) a ghabhann leis de réir fhorálacha an Achta Iascaigh (Leasú) 1997 agus an Achta Imeall Trágha 1933, arna leasú.

Ní bheadh sé cóir domsa tuilleadh a rá faoi iarratas atá faoi bhreithniú gníomhach mar chuid de phróiseas reachtúil.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.